A chuimhní ar an cheol san halla i Mullach Dubh agus an chraic a bhíodh acu. Is iomaí oíche suilt a bhíodh acu, ag éisteacht le sluaite ceolchoirmeacha macasamhail Gerry Lynn, Carrickfords, na Daltons, na Daniels, Dorothy Trainer, Harry Donovan, Herman O Shea agus chuireadh siad seó ar siúl. Bhí Herman O Shea ann am amháin ach chuir an sagart stop leis mar gur seachtain na Cásca a bhí ann, d’imigh sé isteach go Árainn Mór agus bhí am ar dóigh aige, níor cuireadh stop ar bith leis. Bhíodh dreamanna eile ansin ag taispeáint scannáin. Thosaigh Slievefoyle fosta mar dráma agus ansin lean siad ar aghaidh ag ceol.
Bhíodh scaiftí móra ag teacht amach ag na buíonta ceoil (showbands) san am. A chuimhní ar na oícheanta a bhíodh siad ag na damhsaí. | 00:09:25 | |